Ba cheart an Ghaeilge a chothú agus gealltanais a chomhlíonadh – Adams

DSC_3254_6510Beidh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams TD i Ráth Cairn anocht ag labhairt ag ócáid oscailte deireadh seachtaine de dhíospóireacht agus plé chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916 agus ar chúig bliana is tríocha ó na stailceanna ocrais sna H-blocanna  i 1981.
Tá an deaireadh seachtaine eagraithe ag Cumann Shinn Féin Ráth Cairn agus is trí Gheailge a reachtálfar na himeachtaí ar fad.
Ag labhairt dó ar fhás na Gaeilge le blianta beaga anuas dúirt Gerry Adams “tá ag teipeadh ar Rialtas na Breataine, Acht na Gaeilge a thabhairt isteach de réir Chomhaontú Chill Rímhinn. Tá dualgas ar an Rialtas in Átha Cliath brú a chur ar Rialtas na Breataine seo a chomhlíonadh.”

Dúirt Teachta Adams:

Anois tá pobal na Gaeilge atá beo bríomhar sa tuaisceart. Chuidig Bobby agus a chomradaithe leis an fás seo a chur ar bun.

Ar ndóigh, ná déanaimis dearmad go bhfuil daoine ann ató go foill in aghaidh na Gaeilge ó thuaidh. Tá siad in aghaidh Acht na Gaeilge agus oideachas trí Ghaeilge a mhaoiniú.

Go sonrach, tá ag teipeadh ar Rialtas na Breataine, Acht na Gaeilge a thabhairt isteach de réir Chomhaontú Chill Rímhinn. Tá dualgas ar an Rialtas in Átha Cliath brú a chur ar Rialtas na Breataine seo a chomhlíonadh.

Chomh maith le sin, tá imní orm faoi chinntí Aire Oideachais an DUP, Peter Weir maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

Sa deisceart, á Sinn Féin ag tacú le Aire sinsir a cheapadh chuig an Rialtas a bheadh freagrach as an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Chomh maith le sin, i moltaí buiséid Shinn Féin atá á sheoladh ag Pearse Doherty ar Dé Máirt, tá beartas ar fiú ceathair-deág milliún euro don Gaeilge a chur chun cinn againn.

Ina measc tá méadú cúig milliún do chiste caipitil Udarás na Gaeltachta, méadú beagnach ocht milliún do Foras na Gaeilge agus  milliún go leith do phleanáil na teanga.

Creideann Sinn Féin gur choir cearta teanga a chosaint trí tiomant a rinneadh faoi reachtaíocht ón Eoraip a chur i bhfeidhm ag leibhéal áitiúil.

Ba cheart go mbeadh an ceart ag daoine a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na Ranna Stáit agus Rialtais áitiúil.

Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag achan duine átá ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge ón naíscoil ar aghaidh chuig oideachas iarchéime, sin a fhail gan cheist.

Cé go bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh ag iarraidh cearta teanga a bhaint amach, is é an obair a rinne na Gaeilgeoirí dílseacha a bhain amach go leor dá bhfuil again inniu.

Sin é bunús Ghluaiseacht na Gaeilge. An meon sin “ná abair é, dean é”. Maith sibh as an obair sin. Caifhidh méid tacú leis an obair sin.